William Jackson Achill Harp Fest

William Jackson

Satharn 24 Deireadh Fómhair  Léacht 2pm

Is il-ionstraimí, cumadóir agus teiripeoir ceoil é William Jackson, as Glaschú ó dhúchas ach a bhfuil cónaí air anois i Mainistir Mhaigh Eo, Clár Chlainne Mhuiris.  Fuair sé oiliúint mar theiripeoir ceoil ag Scoil Cheoil agus Drámaíochta Guildhall i Londain (1993), agus tá saineolas aige ar bheith ag obair le páistí a bhfuil pairilis cheirbreach agus neamhord de chuid speictream an uathachais orthu. Tá sé ina bhall de Chumann Teiripe Ceoil na Breataine agus tá sé cláraithe le Comhairle Gairmeacha na Sláinte (sa RA mar níl aon chomhlacht dá leithéid in Éirinn faoi láthair). Tá an t-uafás oibre déanta aige sa réimse seo sa RA agus i SAM araon, ina measc bhí post aige in Ospidéal an Mhisin in Asheville, North Carolina (1998-2009) agus tá sé fostaithe go páirtaimseartha anois ag Teach na Creige, Sligeach agus ag Scoil Naomh Cecelia, Sligeach. Bíonn seisiúin teiripe do dhaoine aonair agus do ghrúpaí á óstáil ag William.