Ursula Burns Achill Harp Fest

Ursula  Burns

Satharn 24 Deireadh Fómhair  Ceolchoirm 8pm
Domhnach 25 Deireadh Fómhair   Ceardlann – Cruit & Amhrán (Idirmheánach)  10.45am

Tá smidiríní déanta d’íomhá steiréitipiciúil na cruite ag an scríbhneoir amhrán, an ceoltóir ildána agus an bhean ghrinn, Ursula Burns le 25 bliain anuas, agus í ag taisteal an domhain lena ceol trí scríbhneoireacht amhrán, amharclannaíocht, sorcas agus greann.

 

Ghnóthaigh a céad albam in 1998, According to Ursula Burns, ainmniúchán ag gradaim Hot Press don cheoltóir nua is fearr. Tá 6 albam aonair eisithe aici, an ceann is déanaí ná The Dangerous Harpist. Tá stór mór ceoil cumtha aici don amharclann agus don sorcas, ina measc tá fuaimrian a taifeadadh le déanaí do chlár Cahoots NI, The Assistant’s Revenge.

Thosaigh Ursula ag plé le greann de thimpiste tar éis di gradam a bhuachan ag Gradaim Cheolseó Grinn na hÉireann in 2012. Ainmníodh a seó grinn, I do it for the Money, do Ghradam Malcolm Hardee ag Féile Dhún Éideann.

Chuir Ursula tús le 2020 lena céad Tedx Talk agus bhí sí le feiceáil ar “Collaborations” ar BBC le The Wood Burning Savages. Is ealaíontóir faoi leith í Ursula, a sháraíonn rangú, a bhfuil gairm bheatha éagsúil leathan aici.