Siopa
Sraith Oileán Acla Cd
€20 Le Postas Ar Fud An Domhain San Áireamh
Is comhshaothar Albanach-Éireannach uathúil é seo a fuair spreagadh ó naisc stairiúla agus chultúrtha idir Oileán Acla agus Iarthar na hAlban. Rinneadh é a
choimisiúnú go speisialta don chéad Fhéile Chruite Acla i mí Dheireadh Fómhair 2016 agus tá ceol nua air a chum Ailean Dòmhnallach do na píoba, don chruit agus do bhuíon ceoltóirí traidisiúnta, ag cuimsiú traidisiún dúchasach na píobaireachta in Acaill.
Na hEalaíontóirí: Ailean Dòmhnallach (na píoba), Kathleen MacInnes (glór), Mary MacMaster (cruit), Donald Hay (cnaguirlisí) agus ealaíontóirí Mhaigh Eo – Laoise Kelly (cruit), Gráinne Hambly (cruit), Diarmuid Gielty (fidil), Seán O’Malley (na píoba), Seán Lynch (na píoba/feadóg), Michael Lavelle (na píoba/feadóg stáin/feadóg mhór), Cian McNamara (bosca ceoil/druma/glór), Róisín McNulty (fidil), Kevin Toolis (an focal labhartha) agus Siobhán McGinty (damhsa).


Cártaí Beannachta Fhéile Chruite Acla
€15 Le Postas Ar Fud An Domhain San Áireamh
Sraith de 5 Chárta Beannachta ar a bhfuil bunsaothar ealaíne Fhéile Chruite Acla.
15cm x 15cm ar pháipéar 340g de chaighdeán síoda
- 00Laethanta
- 00Uaireanta
- 00Nóiméid
- 00Soicind
Cruit Acla
€1000
Cruit Acla – 26 sreang, lanna F & C, cosa ar féidir a bhaint agus eochair tiúnála. Tagann cás pardógach saindéanta ar luach €150 leis an gcruit, gan aon chostas breise.
Níl Cruit Acla ach ar fáil le haghaidh seachadta in Éirinn. Ní féidir í a sheoladh thar lear i láthair na huaire.
