Sinéad, Gráinne, Darragh Healy Achill Harp Fest

Sinéad, Gráinne, Darragh, Mícheál Healy

Satharn 24 Deireadh Fómhair  Ceolchoirm 8pm
Satharn 24 Deireadh Fómhair  Sinéad Healy – Ceardlann Chruite (Idirmheánach) 10.15am

Is as Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo do mhuintir Healy. Is clann ildánach spleodrach iad a sheinneann lear mór uirlisí ceoil, agus thosaigh siad go léir ag seinm ceoil – ceol clasaiceach agus traidisiúnta araon – agus iad an-óg.

Idir eatarthu, tá breis agus tríocha Craobh Uile-Éireann buaite ag an teaghlach ar raon leathan uirlisí ceoil, gradaim a bhuaigh siad ag Fleadh Cheoil na hÉireann, agus ag comórtais Réadóirí agus Oireachtas na Samhna. 

Sheinn siad ar go leor clár teilifíse lena n-áirítear Fleadh Cheoil na hÉireann ar RTÉ, agus Geantraí agus Glaoch an Cheoil ar TG4. Tá a gcéad albaim eisithe ag beirt den teaghlach, agus tá ardmholadh faighte acu ó léirmheastóirí – ‘Pleckin’ About’ agus ‘Shuffle the Deck’ na teidil atá orthu. Sheinn Sinéad ar an albam ‘The Bunch of Keys’ agus í ag seinm ar an gcairdín pianó agus ar an bpianó araon. Chuaigh deartháireacha Healy ar thuras domhanda le déanaí lena n-albam ‘Boxing Banjo’.