Siar

Aoine 23 Deireadh Fómhair Ceolchoirm 8pm

Is grúpa ceoil nuálach as Baile Uí Fhiacháin agus Oileán Acla in iarthar Mhaigh Eo iad Siar. Tá siad tar éis brí agus anam a chur le saol an cheoil thraidisiúnta lena meascán uathúil de cheol nuascríofa agus píosaí traidisiúnta cóirithe i stíl chomhaimseartha. Baineann siad leas as uirlisí traidisiúnta agus neamhthraidisiúnta, idir an phíb mhór agus an sacsafón, an clairinéad agus an chruit. Níl aon teorainn leis na huirlisí agus iad ag cruthú meascáin iontacha fuaimeanna. Tar éis dóibh gradam a bhuachan ag Siansa Gael Linn 2019 sa Cheoláras Náisiúnta, chuaigh siad ar aghaidh agus sheinn siad ar an nGig Rig ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2019 agus ag Celtic Connections 2020 i nGlaschú. 

Lonraíonn an paisean don cheol atá ag na ceoltóirí óga seo agus iad ag seinm. Tá siad chomh nádúrtha ag ceol le chéile toisc go bhfuil uaireanta an chloig caite acu ag seinm, ag canadh agus ag cruthú le chéile agus le daoine eile. Bíonn na leaids seo i gcónaí réidh le haghaidh seisiúin….agus b’fhéidir beagáinín diabhlaíochta chomh maith!