Maidir Linn
An Tús
Cuireadh tús le Féile Chruite Acla sa bhliain 2017, nuair a shocraigh grúpa de dhíograiseoirí ceoil féile a eagrú a thabharfadh ardán don cheol domhanda is fearr anseo ar oileán aoibhinn Acla. Óir gurb í Laoise Kelly a smaoinigh air an chéad lá riamh, níl amhras ar bith ach go raibh an chruit chun bheith lárnach sa tionscnamh!
Féile bheo thar thréimhse trí lá a bhí sa chéad fhéile. Rinneadh an cinneadh an fhéile a reáchtáil go déanach i mí Dheireadh Fómhair de bharr go mbíodh tradisiún ársa ann go gcruinneodh cruitirí na hÉireann le chéile chun ceol a sheinm ag Samhain. Ag an am mistiúil seo den bhliain, is féidir le daoine a thugann cuairt ar Acaill sult a bhaint as an oileán ag am níos suaimhní nuair atá fuadar an tsamhraidh maolaithe. Bíonn cuma an fhómhair ar na sléibhte, na gleannta agus ar an bhfarraige, agus iad á réiteach féin do shéasúr na stoirmeacha. Tháinig na cuairteoirí agus thiteadar uile i ngrá lenár n-oileán álainn agus leis an gcultúr atá ann, ag meabhrú dúinn an t-iontas a bhaineann leis na gnáthrudaí agus ag cur dúshlán romhainn athchuairt a thabhairt ar aoibhneas shaol na hÉireann agus a cultúr uathúil.
Thar na blianta tá fás agus borradh tagtha ar an bhféile nach rabhamar riamh ag súil leis. Chuireamar fáilte roimh an iliomad ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí agus scéalaithe ó áiteanna ar fud an domhain. Trí chultúir idirnáisiúnta a roinnt tá eolas agus spreagadh tugtha do lucht éisteachta arís agus arís eile. De bharr comhshaothair neamhfhoirmiúla ag an bhféile, d’eascair léirithe agus taifeadtaí den scoth. Thar rud ar bith eile, cuireadh tús le cairdis nua ag an bhféile, bunaithe i ngrá comhroinnte don cheol. Is ábhar bróid d’Fhéile Chruite Acla é sin.

Cad a deir ár lucht freastail
Amazing experience - supremely well organized, great performances and the warmest and friendliest people ever.
I loved the culture and diversity of music related to the harp that was presented at the festival! I took the beginner harp class with Úna and was blown away with her talents. She should be sainted for her skills of managing a wide variety of ages, attention spans, and backgrounds effortlessly. To all those who are filling thankless roles, go raibh míle maith agaibh!!!

An Fhís
Is í an fhís a bhí ann le haghaidh Fhéile Chruite Acla go mbeadh rochtain ag chuile dhuine, idir óg agus aosta, ar uirlis náisiúnta na hÉireann, an chruit. Tar éis féachaint ar an gcaoi a mbaintear leas as an gcruit i gcultúir éagsúla ar fud an domhain, cuireadh féile ar bun a bhí dírithe ar an gcruit, tugadh cuireadh do scoth na gceoltóirí ó áiteanna ar fud an domhain teacht le chéile ar Oileán Acla agus a gcuid ceoil a sheinm agus a mhúineadh ann gach bliain. Tá gliondar croí curtha ar lucht éisteachta bliain i ndiaidh bliana de bharr atmaisféar na féile. Tá sult bainte acu as ceol, amhránaíocht, damhsa agus scéalta ó áiteanna ar fud na cruinne. Bhí spiorad na hinchuimsitheachta le brath go mór ag na hócáidí seo, nuair a tháinig rannpháirtithe ó liath go leanbh, as gach náisiún agus cultúr, le chéile chun an saol a cheiliúradh tríd an gceol, fíortheanga choiteann.
Ceisteanna Coitianta
An mbaineann an fhéile leis an gcruit amháin?
An bhfuil riachtanas ann maidir leis an aois íosta le freastal ar ranganna cruite?
Cé hiad na daoine ar féidir leo freastal ar ranganna cruite do ghlantosaitheoirí?
An dteastaíonn mo chruit féin uaim do na ranganna cruite do ghlantosaitheoirí?
Ní theastaíonn. Tá roinnt cruiteanna againn ar féidir a fháil ar cíos. Déan teagmháil linn le haghaidh sonraí breise.
An dteastaíonn taithí adhmadóireachta uaim le freastal ar an gCeardlann um Dhéanamh Cruití?
Cén áit ar féidir liom lóistín a fháil le haghaidh dheireadh seachtaine na féile?
Buíochas lenár gComhpháirtithe Maoinithe
































