laoise kelly achill harp

Laoise Kelly

Satharn 24 Deireadh Fómhair Ceardlann Chruite (Idirmheánach) 11 am
Domhnach 25 Deireadh Fómhair  Ceardlann Chruite (Ardléann) 11.45am
Domhnach 25 Deireadh Fómhair  Ceolchoirm 8pm

Is as Cathair na Mart do Laoise Kelly ach tá sí ag cúr fúithí anois ar Oileán Acla. Tá cáil uirthi mar dhuine de phríomhchruitirí traidisiúnta na hÉireann. Tá ceannródaíocht déanta aici le stíl chumhachtach nua chruitireachta a léirítear ar a trí halbam aonair, a bhfuil ardmholadh faighte acu ó léirmheastóirí, Just Harp, Ceis agus Fáilte Uí Cheallaigh. Meascann a stíl chruitireachta teicnící mheallta na méar sa dord agus na hingne sa tséis, ar chruit de chuid Paddy Cafferky a bhfuil tríocha ceathair sreang snáithe caoláin uirthi. Tá cáil uirthi as a tionlacan cruthaitheach do phoirt thraidisiúnta, agus le gairid as na píosaí ceoil atá cumtha aici. Tá a cuid ceoil seinnte agus taifeadta ag Laoise le scoth na n-ealaíontóirí sa cheol Gaelach ó The Chieftains go Kate Bush, agus sheinn sí ar bhreis agus 70 albam. Rinne sí ionadaíocht ar son na hÉireann ag Féile Dhomhanda na Cruite i bParagua. Bronnadh Gradam Ceoil TG4 do Cheoltóir na Bliana uirthi in 2020. Is í Laoise Stiúrthóir Fhéile Chruite Acla.