Eilís Lavelle
& Niall Hanna

Satharn 24 Deireadh Fómhair  Ceolchoirm 8pm
Domhnach 25 Deireadh Fómhair   Eilís Lavelle- Ceardlann Chruite (Idirmheánach) 10am

Thosaigh Eilís Lavelle, cruitire as Muineachán, ag foghlaim ceoil nuair a bhí sí óg agus bhí deis aici an chruit a fhoghlaim ag Club Píobairí Ard Mhacha. Lean Eilís ag forbairt a scileanna ceoil le mórán teagascóirí agus tá taithí fhairsing faighte aici mar cheoltóir. Tar éis di céim sa cheol a bhaint amach ag Ardscoil Cheoil agus Drámaíochta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, bronnadh gradam Leo Rowsome uirthi as an marc is airde a fháil i gceol traidisiúnta na hÉireann. Tá neart taithí aici bheith ag comhcheol agus ag seinm le ceoltóirí ó raon leathan cineálacha ceoil. Sheinn sí ar go leor craoltaí lena n-áirítear ‘Sé mo Laoch agus Geantraí ar TG4, RTÉ, BBC Teilifís agus Raidió, RTÉ Lyric FM agus Raidió na Gaeltachta. Tá Eilís i mbun PhD i láthair na huaire in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus í ag díriú ar bhailiúchán ceoil Edward Bunting. Le blianta beaga anuas, tá taithí fhairsing faighte aici ar an ardán agus ag múineadh na cruite, agus í tar éis seinm ar fud SAM, Cheanada, na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Is amhránaí traidisiúnta as teaghlach fíorcheolmhar i gContae Thír Eoghain é Niall Hanna. Bhí Niall báite in amhránaíocht thraidisiúnta ó bhí sé an-óg agus é ag foghlaim amhrán óna sheanathair nach maireann, Geordie Hanna.  Tá céim bainte amach aige ó choláiste oiliúna múinteoirí Naomh Muire i mBéal Feirste agus bíonn amhránaíocht agus tionlacan ar an ngiotár á múineadh aige.  Meascann Niall stíl thraidisiúnta amhránaíochta lena cheol giotáir agus is iomaí ardán ar a raibh sé in Éirinn, sa RA, san Eoraip agus san Astráil. Le blianta beaga anuas, tá an t-ardán roinnte aige le healaíontóirí mar Reel It In, The Rapparees, Buille, Cathal Hayden agus go leor eile. Is é Niall faighteoir reatha Ghradam Ardáin an Cheoltóra Óig ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann  agus bhain sé leas as an ngradam mór le rá seo chun a rogha amhrán traidisiúnta agus amhrán pobail a thaifeadadh ina stíl uathúil féin agus é ag cur tús le gairm bheatha aonair.