Ealaíontóirí

Coda

Grúpa de sheachtar amhránaithe agus ceoltóirí is ea Coda: Declan Askin, Steve Bryant, Mike Cannon, Alan Drumm, Leonard Kelly, Brian Lennon, Conall Ó Domhnaill. Tá cáil orthu as cúlraí láidre i gceol traidisiúnta agus comhaimseartha na hÉireann a cheangal le cumas amhránaíochta gan aon tionlacan. Is é seo an meascán cumhachtach a thugann Coda dá gcuid ceoil.

Ag tarraingt as talainn gutha as iarthar na hÉireann, chuir Coda tús lena gcur chuige i leith léirithe gutha a fhorbairt roinnt mhaith blianta ó shin. Cuireann Coda snas nua spreagthach ar amhráin thraidisiúnta agus chomhaimseartha, ar amhráin nua-chumtha agus ar amhráin aitheanta. Mar chuid dá stór fairsing amhrán canann siad cóirithe gan tionlacan agus amhráin le tionlacan, le blas cheol traidisiúnta na hÉireann orthu.

‘Sometimes it happens completely out of left field, comes a band that just blows your socks off……. One of the most exciting bands I’ve ever heard. I can’t state too strongly how wonderful I think these guys are’
– Mike Harding, The Mike Harding Folk Show.

‘They’re based in Westport, County Mayo and I regard them as an invigorating and restoring breath of fresh air’
– Earle Hitchner, Wall Street Journal.

Freda Hatton

Tá BA sa Cheol agus Nua-Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh ag Freda Hatton. Bhuaigh sí na Comórtais Shinsearacha Uile-Éireann ar an gCruit ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag Féile Chruite Uí Chearbhallaín, an Chéideadh, Co. Ros Comáin. Chum sí agus sheinn sí ceol le Branar Téatar do Pháistí agus tá a cuid ceoil seinnte aici ar fud na cruinne ag ceolchoirmeacha, féilte agus ócáidí. Roghnaíodh í le bheith mar an cruitire ar thurais Chomhaltas Ceoltóirí Eireann ar fud na Breataine agus Thuaisceart Mheiriceá. Sular tháinig an phaindéim bhíodh sí le feiceáil go minic ag seinm i seisiúin cheoil thart ar Chathair na Mart agus roimhe sin, i gCathair na Gaillimhe. Seinnfidh Freda le Coda mar chuid d’Fhéile Chruite Acla.

Steve Cooney

Tá an cháil is fearr ar Steve Cooney as an bhforbairt a rinne sé ar stíl tionlacain ar an ngiotár do cheol damhsa traidisiúnta Chiarraí Thiar, agus bhuaigh sé an Gradam Náisiúnta Siamsaíochta in 1997 dá bharr. Rugadh san Astráil é ach tháinig sé go hÉirinn in 1980. Ghlac sé páirt i ndéanamh breis agus 250 CD, mar cheoltóir ar an ngiotár, mar sheinnteoir doird nó mar léiritheoir agus innealtóir. Is file agus is scríbhneoir amhrán é chomh maith, agus d’oibrigh sé le mórán ceoltóirí aitheanta i rac-cheol agus i gceol tíre, ach bíonn sé ag díriú den chuid is mó ar cheol traidisiúnta na hÉireann, agus cumaisc den seánra sin. D’eisigh sé albam le déanaí le ceol ársa na cruite á léiriú ar an ngiotár aonair. Bhain sé PhD amach in 2018 ar chóras iomasach i nodaireacht cheoil atá forbartha aige do luathfhoghlaimeoirí. In 2020, bhuaigh Cooney 3 cinn de Ghradaim Cheol Tíre RTÉ mar aon leis an nGradam Saoil, agus bronnfar Gradam Ceoil TG4 do Chumadóir na Bliana air i mbliana chomh maith.

‘Master Cooney restores the ancient link between lyre and lyric, between poetry and performance, the rhapsody and rascality’
– Séamus Heaney, Gradaim Fiddler’s Green, Ros Treabhair

Laoise Kelly

Is as Cathair na Mart do Laoise Kelly ach tá sí ag cúr fúithí anois ar Oileán Acla. Tá cáil uirthi mar dhuine de phríomhchruitirí traidisiúnta na hÉireann. Tá ceannródaíocht déanta aici le stíl chumhachtach nua chruitireachta a léirítear ar a trí halbam aonair, a bhfuil ardmholadh faighte acu ó léirmheastóirí, Just Harp, Ceis agus Fáilte Uí Cheallaigh. Meascann a stíl chruitireachta teicnící mheallta na méar sa dord agus na hingne sa tséis, ar chruit de chuid Paddy Cafferky a bhfuil tríocha ceathair sreang snáithe caoláin uirthi. Tá cáil uirthi as a tionlacan cruthaitheach do phoirt thraidisiúnta, agus le gairid as na píosaí ceoil atá cumtha aici. Tá a cuid ceoil seinnte agus taifeadta ag Laoise le scoth na n-ealaíontóirí sa cheol Gaelach ó The Chieftains go Kate Bush, agus sheinn sí ar bhreis agus 70 albam. Rinne sí ionadaíocht ar son na hÉireann ag Féile Dhomhanda na Cruite i bParagua. Bronnadh Gradam Ceoil TG4 do Cheoltóir na Bliana uirthi in 2020. Is í Laoise Stiúrthóir Fhéile Chruite Acla.

Tiarnán Ó Duinnchinn

Is Píobaire Uilleann as Contae Mhuineacháin é Tiarnán Ó Duinnchinn a bhfuil iliomad gradam buaite aige. Thosaigh sé ag seinm agus é naoi mbliana d’aois ag Cumann Píobairí Ard Mhacha. Ó 1995 i leith tá neart turas déanta ag Tiarnán agus é ag seinm go gairmiúil ar bhonn rialta, mar bhall de bhannaí éagsúla agus mar cheoltóir aonair araon. Thug a chuid ceoil ar fud na cruinne é, chuig an Eoraip, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Áis, an Afraic, Ceanada, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn agus an Astráil. Tá a chuid ceoil seinnte agus taifeadta aige leis an iliomad ceoltóirí thar na blianta, ina measc Tommy Peoples, Máire Ní Bhraonáin, Laoise Kelly, Paul O’Shaughnessy, Brian Finnegan, Niall agus Cillian Vallely. Bhí a chuid ceoil le cloisteáil in dhá scannán chomh maith. Tá cur síos déanta ar Thiarnán ag mórán daoine mar dhuine de na píobairí is mó tionchair dá ghlúin.

‘Ó Duinnchinn’s precise articulate playing quickly explains his many awards. His mastery of the pipes is without question and leaves no doubt about the subtleties of his musical inventiveness’
– Journal of Irish Music.

  • 00Laethanta
  • 00Uaireanta
  • 00Nóiméid
  • 00Soicind

Eilís Lavelle

Thosaigh Eilís Lavelle, cruitire as Muineachán, ag foghlaim ceoil nuair a bhí sí óg agus bhí deis aici an chruit a fhoghlaim ag Club Píobairí Ard Mhacha. Lean Eilís ag forbairt a scileanna ceoil le mórán teagascóirí agus tá taithí fhairsing faighte aici mar cheoltóir. Tar éis di céim sa cheol a bhaint amach ag Ardscoil Cheoil agus Drámaíochta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, bronnadh gradam Leo Rowsome uirthi as an marc is airde a fháil i gceol traidisiúnta na hÉireann. Tá neart taithí aici bheith ag comhcheol agus ag seinm le ceoltóirí ó raon leathan cineálacha ceoil. Sheinn sí ar go leor craoltaí lena n-áirítear ‘Sé mo Laoch agus Geantraí ar TG4, RTÉ, BBC Teilifís agus Raidió, RTÉ Lyric FM agus Raidió na Gaeltachta. Tá Eilís i mbun PhD i láthair na huaire in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus í ag díriú ar bhailiúchán ceoil Edward Bunting. Le blianta beaga anuas, tá taithí fhairsing faighte aici ar an ardán agus ag múineadh na cruite, agus í tar éis seinm ar fud SAM, Cheanada, na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Niall Hanna

Is amhránaí traidisiúnta agus scríbhneoir amhrán as Contae Thír Eoghain é Niall Hanna. Go luath sa bhliain 2018, tarraingíodh aird air gan choinne i saol an cheoil Ghaelaigh nuair a d’eisigh sé a chéad albam aonair amhrán, ‘Autumn Winds’. Bhí bailéid sheanaitheanta as Cúige Uladh ar an albam, mar aon le hamhráin nuascríofa, rud a léirigh cumas Niall mar scríbhneoir amhrán. Chan Niall cuid den ábhar ón albam seo le Ceolfhoireann Uladh, agus ainmníodh an teidealrian ‘Autumn Winds’ mar an Bunrian is Fearr ag Gradaim Cheol Tíre RTÉ i mí Dheireadh Fómhair 2018. Ainmníodh freisin é mar ‘Best Emerging Folk Artist’. Tá amhránaíocht Niall faoi thionchar mór amhránaíocht a sheanathar, Geordie Hanna, nach maireann. Ceanglaíonn sé a stíl thuaisceartach amhránaíochta le tionlacan ar an ngíotar agus tá sé ag obair faoi láthair ar a dhara albam aonair a bhfuil lucht éisteachta in Éirinn agus i gcéin ag tnúth go mór leis. Is é Niall Hanna Amhránaí na Bliana de chuid Ghradaim Cheoil TG4, 2021.

Previous
Next

Caoimhe, Séamus & Rónán Ó Flatharta

I gceantar Iorras Aithnigh a rugadh is a tógadh Caoimhe, Séamus agus Rónán Ó Flatharta. Bhí an t-ádh orthu gur tógadh iad i gceantar a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar an saibhreas de cheol tradisiúnta, amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós, atá go smior i ndaonra na háite. Tá cáil orthu mar gheall ar an eagar nua-aimseartha a gcuireann siad ar amhráin aitheanta ar an sean-nós.
Tá a lán gradam bainte amach acu ag leibhéal náisiúnta, sa cheol, damhsa agus san fhonnadóireacht. Admhaíonn siad go bhfuil tionchar ollmhór ag a dteanga, a mbaile agus a n-oidhreacht ar a gcuid ceoil.

Siobhán Armstrong

Is í Siobhán Armstrong duine de chruitirí na hEorpa is fearr aithne. Seinneann sí stór ceoil ó amanna roimh 1800 ar uirlisí ársa atógtha, seinneann sí ceol luath eaglaise agus aireagail agus barócach le cuid de na stiúrthóirí, ceolfhoirne agus compántais cheoldrámaíochta is clúite san earnáil. Laistigh den cheol Gaelach, dar le Siobhán í féin, tá sí lonnaithe san áit a mbuaileann ‘ceol stairiúil’ le ‘ceol traidisiúnta’. Le breis agus 25 bliain, tá taiscéaladh déanta aici ar stór ceoil a raibh neamhaird déanta air, ag seinm teicnící agus sainstíl na luathchruite Gaelaí. In 2014, d’aimsigh sí cruit Ghaelach stairiúil a bhí caillte, agus in 2016, choimisiúnaigh sí an chéad scanadh léasair 3T de ghléas ceoil ag an Músaem Náisiúnta. Baineann a tráchtas PhD (Ollscoil Middlesex, 2021, ag teacht go luath) le cleachtas taibhithe ón 18ú aois ar an gcruit Ghaelach. I gcomhar lena hensemble, The Irish Consort, chuir sí tús le sraith uathúil taifeadta chun ceol in Éirinn, 1500-1800, a thaifeadadh. Maidir lena CD nua: Music, Ireland and the Sixteenth Century  – dar leis an Irish Times, ‘is not to be missed.’ [5/5, The Irish Times, 2021].

Previous
Next

Cafferky Crew

Is iad baill an Cafferky Crew Padraic Collins, Andrew Gallagher agus Harry Lawlor, triúr cruitirí as Tuaisceart Mhaigh Eo. Is iar-scoláirí iad den mhúinteoir ceoil a bhfuil ardmheas air, Peter Neary. Seinneann an triúr acu ar chruiteanna a rinne Paddy Cafferky, agus is mar gheall air sin a ainmníodh an grúpa, Cafferky Crew. Mar aon leis an gcruit, bhain an triúr fhear óg seo triail as rogha éagsúil uirlisí agus iad ag seinm le CCÉ Ghort na mBó. Is cuid thábhachtach dá saolta go léir é an ceol.

Tá céim BMus ó Ollscoil Mhá Nuad, PDE in Oideachas an Cheoil ó Ollscoil Luimnigh, mar aon le MA i dTaibhiú an Cheoil Thraidisiúnta ag Padraic. Tá neart turas déanta aige mar cheoltóir gairmiúil. I láthair na huaire tá sé ag obair le Music Generation, Ros Comáin.

Thug Andrew faoi chéim BMus in Ollscoil Mhá Nuad chomh maith. Tá an domhan siúlta aige lena chuid ceoil. Le déanaí tháinig sé abhaile ó sheal sa ghaineamhlach in Dubai. Tá sé ag múineadh ceoil faoi láthair i Meánscoil Educate Together i mBéal Maighne, Baile Átha Cliath.

Is ball den ghrúpa ceoil, Billow Wood, atá bunaithe i mBéal an Átha, é Harry, agus ó bhí sé 17 mbliana, is iomaí turas idirnáisiúnta atá déanta aige. Is cúis bhróid do Harry go bhfuil ceol seinnte aige ar a chruit de chuid Paddy Cafferky ó Bheirlín go dtí an Mhaláiv, go Nashville agus anois siar go hAcaill! I measc na gcruitirí eile a raibh tionchar acu ar cheol Harry bhí Michael Rooney, Laoise Kelly agus Michelle Mulcahy.

Simon Chadwick

Rugadh agus tógadh Simon Chadwick ar imeall na Foraoise Nua i ndeisceart Shasana. Bhí cónaí air in Oxford ar feadh 8 mbliana, agus ansin in St. Andrews in Albain ar feadh 12 bhliain, sular bhog sé go dtí Ard Mhacha in 2018. Agus é ina bhuachaill óg, mhúin máthair Simon clingireacht eagraithe dó ar chloigíní túr; chuaigh sé chun na hOllscoile agus rinne sé staidéar ar Fhisic ar feadh bliana sular aistrigh sé go léann na seandálaíochta. Anois, baineann sé feidhm as an gcúlra agus as an oiliúint seo agus é i mbun staidéir ar thraidisiúin chruitireachta na hÉireann agus na hAlban. Chomh maith le foghlaim chun seinm ar an tseanchruit Ghaelach, bunaithe ar shaothar luath Ann Heymann, thosaigh Simon ag bailiú faisnéise ar na cruití stairiúla a bhí á gcaomhnú i músaeim, agus ba as an taighde sin a thosaigh sé ag coimisiúnú mionsamhlacha díobh. Rinne sé mórán taighde agus turgnaimh le sreangú agus socrú stairiúil, ag baint úsáide as sreanganna práis. Thosaigh sé i mbun staidéir agus ag cur na foinsí le chéile le haghaidh ceol cruite na hÉireann agus na hAlban, leis an aidhm an seancheol a chur ar ais arís sna huirlisí atógtha.

  • 00Laethanta
  • 00Uaireanta
  • 00Nóiméid
  • 00Soicind

Aisling Lyons

Is cruitire agus seinnteoir consairtín as Contae an Chláir í Aisling Lyons agus tá neart gradam buaite aici. As clann cheolmhar í Aisling a bhfuil traidisiún an cheoil agus na hamhránaíochta go smior iontu. Bhuaigh sí 8 gcinn de chomórtais Uile-Éireann. Tá taithí fhairsing taibhithe ag Aisling agus bíonn an-tóir uirthi mar mhúinteoir. Tá a cuid ceoil seinnte aici agus tá máistir-ranganna tugtha aici sa Ríocht Aontaithe, an tSealtainn, an Iorua, an Fhrainc, an Ghearmáin, SAM, an tSín, Ceanada agus san Astráil. Bhain sé Céim Chéadonóracha amach sa Cheol Gaelach ó Ollscoil Luimnigh in 2018, agus bronnadh Céadonóracha uirthi ón gcúrsa Máistreachta san Oideachas in 2021. Tá Grád 8 le Gradam aici ó Choláiste Ceoil Londan.  Chomh maith le bheith ag seinm le grúpaí éagsúla agus bheith páirteach i mórán comhshaothar, is cumadóir cumasach í de cheol nua i stíl thraidisiúnta na hÉireann. Rinneadh cur síos uirthi mar ‘one of the rising stars and budding composers of the Irish harp world – rooted in tradition and beautifully inventive’. In 2021, sheinn Aisling le Tolu Makay ar ‘Ireland in Music’ ar RTÉ agus le haghaidh chomóradh 80ú breithlae, an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUiginn, ar TG4.
Tá a céad albam de cheol nuachumtha taifeadta ag Aisling. ‘Aistear’ an teideal atá ar an albam a eiseofar i bhfómhar 2021.

Úna Ní Fhlannagáin

Is cruitire, cumadóir agus amhránaí as Contae na Gaillimhe í Úna Ní Fhlannagáin a bhfuil an iliomad duaiseanna buaite aici. Ceoltóir le flosc agus samhlaíocht, tá sí fréamhaithe i dtionchair éagsúla cheoil, ina measc, ceol damhsa Thuaisceart an Chláir, an stíl amhránaíochta ar an sean-nós ó Mhaigh Seola, iar-íostaigh Mheiriceá agus snagcheol saor. Tá a cuid port agus ríleanna bríomhara, a cornphíopaí fíneálta agus foinn mhalla chorraitheacha seinnte aici ar fud na hEorpa, i Meiriceá Thuaidh agus sa Mheán-Oirthear. Agus í i mbun staidéir dá céim ollscoile chéadonóracha, thosaigh sí ag plé le snagcheol agus ceol comhaimseartha, rinne sí staidéar agus sheinn sí leis an gceoltóir aitheanta snagcheoil, Anthony Braxton. I measc na n-éachtaí atá bainte amach aici le déanaí, fuair sí coimisiún ó Chomhdháil Dhomhanda na Cruite agus foilsíodh píosa a chum sí ag Cairde na Cruite. Tá na píosaí a chum sí féin seinnte aici ar fud an domhain, agus sheinn sí le buaiteoir Ghradam Grammy, Bobby McFerrin.  Déanann Úna a dícheall leas a bhaint as saibhreas a traidisiúin dhúchasaigh, an méid agus is féidir a bhaint as a huirlis, agus plé le meas le seánraí eile.

Michael Rooney

Is cumadóir bisiúil é Mícheál Ó Ruanaigh a bhfuil aithne mhaith air i bhfad is i gcéin mar dhuine de phríomhchruitirí na h-Éireann.. As Baile an Scotaigh, Co. Mhuineacháin ó dhúchas, tá cónaí air anois i gContae Shligigh. Tá trí sraith déag ceoil cumtha aige, lena n-áirítear The Macalla Suite (2016), Boróimhe Suite (2014), The Second Coming (2014), De Cuéllar Suite (2011)  agus The Battle of the Books (2007). I mBealtaine 2015, coimisiúnaíodh Michael le ceol a scríobh agus a sheinm ar ócáid chuairt an Phrionsa Séarlas go Sligeach. Tá a cheol le cloisteáil ar The Queen’s Speech – clár faisnéise de chuid RTÉ ar chuairt na Banríona Eilís go hÉirinn. Tá dhá CD taifeadta aige leis an bhfliúiteadóir, June McCormack: Draíocht agus Land’s End. Tá ceithre leabhar de na píosaí ceoil a chum sé féin foilsithe ag Michael. I 2017, bhuaigh Michael Gradam TG4 do Chumadóir na Bliana.

Gráinne Hambly

As Clár Chlainne Mhuiris i gContae Mhaigh Eo do Gráinne Hambly, agus aithnítear go hidirnáisiúnta í mar sheinnteoir den chéad scoth ar an gcruit Ghaelach. Bíonn an-éileamh uirthi mar sheinnteoir agus mar mhúinteoir, anseo in Éirinn agus thar lear. Rinne sí staidéar ar an gceol ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus seinneann sí an consairtín chomh maith. Tá turais agus taifeadtaí déanta ag Gráinne le healaíontóirí éagsúla, agus tá a cuid ceoil seinnte aici chomh fada i gcéin leis an tSeapáin, an Bhrasaíl agus an Cholóim, agus bíonn sí ar camchuairt go minic chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bíonn sí ag múineadh go rialta ag scoileanna samhraidh agus ag féilte éagsúla, agus bíonn sí ag teagasc do dhaoine aonair agus do ghrúpaí ar líne. Tá 3 CD aonair eisithe aici, a fuair ardmholadh ó leirmheastóirí, agus tá dhá leabhar de cheol na cruite foilsithe aici chomh maith. Rinne sí a comhshaothar is déanaí lena fear céile, an cruitire Albanach, William Jackson, agus téann an bheirt acu ar camchuairteanna le chéile go minic. Rinne siad taifeadadh a eisiúint, Music from Ireland and Scotland (2009), agus d’fhoilsigh siad cóirithe den cheol Gaelach do ensemble cruití. Bíonn siad ag stiúradh an ensemble cruití de chuid Music Generation Mhaigh Eo chomh maith.

Pamela Gray

Is ealaíontóir/maisitheoir í Pamela Gray as Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Baineann a cleachtas ealaíne den chuid is mó le líníocht, péintéireacht agus meáin mheasctha. Faigheann sí spreagadh dá saothar ó fhoinsí fíora ach is ó ábhar samhlaíochta den chuid is mó a fhaigheann sí bonn a cruthaitheachta; ó chuimhní cinn a hóige, síscéalta agus filíocht raiméise. Bíonn líníochtaí samhlaíocha Gray slachtmhar, srathach, greannmhar agus lán d’iontas go minic! Mar chuid dá cúlra oideachais tá Dioplóma i nDearadh Teicstílí, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo; Céim Chéadonóracha i Léaráidí, Ollscoil Derby, Sasana; Bliain amháin de MA i Léaráidí do Leabhair Pháistí, Ollscoil Anglia Ruskin, Cambridge, Sasana. In 2009 agus 2015 dhear sí na póstaeir d’Fhéile Ealaíon Chathair na Mart agus chomh maith leis sin rinne sí léarscáileanna pictiúrtha maisithe den Mhala Raithní, Cathair na Mart agus Baile Uí Fhiacháin. Tá a cuid saothair curtha ar taispeáint i dtaispeántais aonair agus i líon mór taispeántas grúpaí.

  • 00Laethanta
  • 00Uaireanta
  • 00Nóiméid
  • 00Soicind

Mary Lavelle Burke

Rugadh Mary Lavelle Burke ar Oileán Acla. Fuair sí a cuid oideachais in Acaill agus ag Clochar San Louis i gCoillte Mach. In 2007, bhain sí BA amach sa Mhínealaín agus Dearadh. Tar éis di gairm bheatha rathúil sa bhaincéireacht a chaitheamh i mBaile Átha Cliath, d’fhill Mary lena clann chun cur fúithi in Acaill. Agus í pósta le hiascaire eolach as Oileán Acla agus leis an bhfarraige thart timpeall uirthi, bhí an t-aigeán ina spreagadh do mhórán de shaothar ealaíne Mary. Agus í faoi spreagadh na mothúchán ó thírdhreacha síorathraitheacha Acla, chruthaigh Mary macallaí de ghaoth, báisteach, grian, scáth, scamall, línte cladaigh agus fíor na spéire. Bhí a saothar íogair do na nithe a mbraithimid ach nach bhfeicimid. Dar le Mary, comhrá a bhí sa phéintéireacht leis an saothar ealaíne féin.

Thacaigh Mary le gach rud cultúrtha ar Oileán Acla. Thug sí a cuid ama agus a fís go flaithiúil do thionscnaimh ealaíne áitiúla. Bhí Mary ina ball bunaidh de thionscadal Casadh na Taoide de chuid Fhéile Chruite Acla. Ar an drochuair, cailleadh Mary sular tugadh faoin aistear farraige. Bhí sí ina nasc ríthábhachtach idir muintir na n-oileán agus criú an Mac Duach. Bhí a paisean agus a spreagadh do Chasadh na Taoide le brath gach aon lá den turas. 

Is cúis bhróid d’Fhéile Chruite Acla Casadh na Taoide a thiomnú dá ball coiste ionúin, Mary Lavelle Burke. 

Proinsias
Mac a’ Bhaird

Is as Árainn Mhór i dTír Chonaill do Phroinsias Mac a’ Bhaird. Tá 4 chnuasach filíochta foilsithe aige, chomh maith le ceithre húrscéal agus leabhair do pháistí. Bronnadh go leor duaiseanna ar a shaothar i gcomórtais éagsúla, ina measc: Oireachtas na Gaeilge, Comórtas Uí Néill, Comórtas Bhéal na mBuillí, An Fiach Dubh agus Reclaim the Vision of 1916. Bronnadh duais Leabhar na Bliana ar a úrscéal Tairngreacht ag na An Post Irish Book Awards sa bhliain 2019. Tá sé ag obair ar úrscéal nua san am i láthair.

Beth Moran

Bíonn Beth Moran ag fíodóireacht mar go gcuireann sé saibhreas le dlúth agus inneach a beatha. Tá breis agus 30 bliain caite aici ag fíodóireacht agus oibríonn sí le réimse leathan ábhar, ina measc olann a gcaorach féin, a ndéanann sí a shníomh sa bhaile agus a dhathú go nádúrtha go línéadach agus síoda. Cuireann sí suim leanúnach sa timpeallacht athraitheach agus faigheann sí dúshláin ó nádúr iontach gan choinne an tsaoil. Faigheann sí spreagadh ón áilleacht mórthimpeall uirthi ar Chliara. Cuirtear tús le haon snáithe amháin, aon smaoineamh amháin, plean, spreagadh agus fís. As sin, tógtar é go píosa a bhfuil saol dá chuid féin aige, rud a thagann chun cinn de réir mar a bhíonn sí ag saothrú. Is píosa aonair uathúil a bhíonn i ngach aon phíosa a dhéanann sí. Tá sé seo ríthábhachtach di mar creideann sí i nádúr uathúil agus síorathraitheach gach aon ní. Creideann Beth gur cuid di féin í an fharraige. Tá sí mórthimpeall uirthi; léimeann sí isteach inti agus ní dóigh léi go bhféadfadh sí maireachtáil go sona gan í. Léirítear é seo ina saothar a ghlacann pearsantacht na farraige i ngluaiseacht, dath agus spás go minic. Is domhan lán le patrúin, dath agus uigeacht é domhan Beth. Tá gach píosa ina shiansa, arna chruthú i ngluaiseachtaí le giúmair éagsúla ag fás i ngach aon snáth a fhitear.

Andrew Murray

Rugadh agus tógadh Andrew Murray ar Inis Bó Finne, le hamhránaithe agus ceoltóirí áitiúla agus eile ag casadh thart timpeall air i mbeár ceoil a theaghlaigh a bhfuil clú agus cáil air, Murray’s Doonmore Hotel.

Tar éis dó é a chloisteáil ag canadh ansin, cuireadh tús le gairmréim cheoil do Andrew nuair a d’iarr Alec Finn air dul le De Danann. Tá clú agus cáil ar a ghlór i saol an cheoil thraidisiúnta tar éis dó na blianta a chaitheamh ag taifeadadh agus ag camhchuairt ar fud na cruinne le grúpaí éagsúla, agus d’eisigh sé a albam féin, Hell or High Water.

Chaith sé na blianta mar oide bunscoile, ach tá sé ina chónaí sa bhaile anois agus é ag bainistiú Óstán an Doonmore ar Inis Bó Finne. Mar thoradh air sin, tá céim siar tógtha aige ó na camchuairteanna agus ón taifeadadh le blianta beaga anuas. Agus é i dteagmháil rialta lena chairde ceoil, roghnaíonn sé le bheith páirteach i líon beag tionscadal gach bliain. Mar mhairnéalach, mar chainteoir Gaeilge agus mar cheoltóir, is tionscadal é Casadh na Taoide atá an-ghar dá chroí.

Cathy O’Toole

Is múinteoir bunscoile í Cathy O’Toole as Inis Toirc. Tá ceol traidisiúnta na hÉireann go smior inti, tá sí á chloisteáil ó tháinig sí ar an saol mar is ceoltóirí iad a muintir go léir. Thosaigh Cathy ag foghlaim na feadóige ó Mary Finn nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois ach na laethanta seo bíonn sí ag seinm ar an gconsairtín den chuid is mó. Bhí tionchar láidir ag ceoltóirí iontacha Mhaigh Eo ar cheol Cathy, ina measc, deartháireacha Uí Mhongáin as Dumha Thuama in Iorras. Bhain Cathy céim mháistreachta amach i dTaibhiú Cheol Traidisiúnta na hÉireann ó Dhámh Chruinne Éireann ag Ollscoil Luimnigh in 2019 agus i láthair na huaire tá sí ina cónaí agus ag obair i mBaile Átha Cliath.

Clár

Dé hAoine - 22 Deireadh Fómhair

8pm
Casadh na Taoide

Tugann an físeán seo le Heavy Man Films anam an tionscadail leis, ag díriú go sonrach ar ealaíontóirí roghnaithe as gach oileán, ina measc Andrew Murray (Inis Bó Finne), Cathy O’Toole (Inis Toirc), Beth Moran (Cliara), Proinsias Mac a’ Bhaird (Árainn Mhór) agus Mary Lavelle Burke (Acaill).

Arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon.

Dé Sathairn - 23 Deireadh Fómhair

Ar fáil an deireadh seachtaine ar fad
Ranganna Teagaisc agus Ceardlanna Réamhthaifeadta

Ranganna Cruite Ar Líne
Sraith Ranganna Teagaisc do Ghlantosaitheoirí – Úna Ní Fhlannagáin
Meánleibhéal – Laoise Kelly, Eilís Lavelle, Gráinne Hambly
Ardleibhéal – Laoise Kelly, Michael Rooney, Séamus Ó Flatharta, Aisling Lyons

Amharcléiriú Geoimeitreach – Ceardlann ar Chomhcheol – Steve Cooney
Ag baint úsáide as an gcóras um Amharcléiriú Geoimeitreach de cheol, a forbraíodh breis agus 30 bliain ó shin chun nodaireacht agus ríomh an cheoil a shimpliú: rithim, séis agus comhcheol. Tá sé dírithe ar luathfhoghlaimeoirí agus orthu siúd a bhfuil deacracht acu cliathnodaireacht a léamh. Díreoidh an cheardlann seo ar ríomh scálaí agus modhanna, agus ríomh agus cleachtadh an chomhcheoil bhunúsaigh.

10am
Scéal Dátheangach do Pháistí:
Cruit an Dagda

Ba é an Dagda taoiseach Thuatha Dé Danann, agus bhí mórán earraí draíochtúla aige, ach ba é an ceann ba luachmhaire ná Uaithne, a chruit. Sa scéal draíochtúil, dátheangach seo, insítear an scéal dúinn faoin méid a tharla nuair a ghoid na Fomhóraigh cruit an Dagda. Tugann scrolla maisithe álainn ‘crankie’ beocht don scéal agus iompraítear an lucht féachana siar chuig am ársa atá caite.

Léaráid: Pamela Gray, Ceol: Laoise Kelly, Scéalaí: Martán Ó Mongáin

2pm
Caint:
Edward Bunting i Lámhscríbhinn & i gCló

Díríonn an cur i láthair seo le Eilís Lavelle ar fhorbairt dhá fhonn ceoil ar leith a fuarthas i lámhscríbhinní neamhfhoilsithe – Molly McAlpin agus Fanny Power. Baintear úsáid as an dá phíosa ceoil seo mar shamplaí chun léargas a thabhairt ar an stíl a bhí ag Bunting chun píosaí ceoil a athrú ar mhaithe lena chuid foilseachán. Féachfar ar an difríocht idir nodaireachtaí sna lámhscríbhinní agus na leaganacha a d’fhoilsigh Bunting.

3pm
Ceadal

Steve Cooney, Gradam Ceoil TG4, Cumadóir na Bliana, 2021

8pm
Ceolchoirm

Caoimhe, Séamus & Rónán Ó Flatharta
Cafferkey Crew, le tacaíocht ó Chruit Éireann
Eilís Lavelle & Niall Hanna, Gradam Ceoil TG4, Amhránaí na Bliana 2021

Dé Domhnaigh - 24 Deireadh Fómhair

2pm
Siúlóid Fhíorúil:
Conair Paul Henry

‘Achill…. called to me as no other place had ever done’ – Paul Henry

Tá tírdhreach uathúil a bhainfeadh an anáil díot in Acaill agus í mar dhídean agus mar spreagadh do mhórán ealaíontóirí thar na blianta. Bí linn ar shiúlóid a leanann coiscéimeanna an ealaíontóra, Paul Henry, agus a chaitheann súil ar na radhairc a bhí mar spreagadh do mhórán dá shaothar.

3pm
Caint:
Léargas ar Thraidisiún Ársa Chruit na hÉireann

Sa chaint seo déanfar plé ar stair chruit na hÉireann ó na hamanna is faide siar ar aghaidh go dtí deireadh an traidisiúin tuairim is 200 bliain ó shin. Ag féachaint ar na seanchruiteanna, na seanchruitirí, agus a gcuid scéalta, agus ar an gcaoi a bhfuil ceoltóirí na linne seo ag iarraidh athcheangal leis an seantraidisiún.

Simon Chadwick, i gcomhar le Cumann Cláirsí Stairiúla na hÉireann.

4pm
Ceadal

Siobhán Armstrong, i gcomhar le Cumann Cláirsí Stairiúla na hÉireann.

8pm
Ceolchoirm

Coda Freda Hatton, le buíochas speisialta do Steve Cooney
Aisling Lyons
Laoise Kelly & Tiarnán Ó Duinnchinn