dermot byrne and steve cooney achill harp

Dermot Byrne
& Steve Cooney

Aoine 23 Deireadh Fómhair Ceolchoirm 8pm

As Bun Cranncha i gCo. Dhún na nGall, thosaigh Dermot Byrne ag seinm ar an mbosca ceoil agus é an-óg, agus d’fhoghlaim sé óna athair, Tomás Ó Beirn.   Bhí an t-ádh ar Dermot gur bhuail sé le scoth na gceoltóirí as Dún na nGall, ina measc, Johnny Doherty, Con Cassidy, Tommy Peoples, Danny Meehan, agus go leor eile. Bhí tionchar ag na ceoltóirí sin ar Dermot agus a stíl uathúil cheoil á forbairt aige. Seinneann sé i stíl dheas réidh le fíneáltacht bhreá agus cluas gan locht, rud a fhágann é ar dhuine de mhórbhoscaideoirí na linne seo. Chaith sé na blianta mar bhall den ghrúpa Altan, sheinn sé leo, thaifid sé leo agus chuaigh sé ar camchuairteanna leis an ngrúpa sin, chomh maith le healaíontóirí eile, leithéidí Donal Lunny, Steve Cooney agus Stéphane Grappelli. Sheinn sé ar chomhshaothair le ceoltóirí iontacha, ina measc Séamus McGuire agus Manus McGuire, Frankie Gavin, Pierre Schryer, Salsa Celtica agus an veidhleadóir snagcheoil nach maireann, Stéphane Grappelli. Don mhéid atá curtha ag Dermot le ceol traidisiúnta na hÉireann, roghnaíodh é mar Cheoltóir Traidisiúnta na Bliana de chuid TG4 in 2013.

Tá an cháil is fearr ar Steve Cooney as an bhforbairt a rinne sé ar stíl tionlacain ar an ngiotár do cheol damhsa traidisiúnta Chiarraí Thiar, agus bhuaigh sé an Gradam Náisiúnta Siamsaíochta in 1997 dá bharr. Rugadh san Astráil é ach tháinig sé go hÉirinn in 1980. Ghlac sé páirt i ndéanamh breis agus 250 CD, mar cheoltóir ar an ngiotár, mar sheinnteoir doird nó mar léiritheoir agus innealtóir. Is file agus is scríbhneoir amhrán é chomh maith, agus d’oibrigh sé le mórán ceoltóirí aitheanta i rac-cheol agus i gceol tíre, ach bíonn sé ag díriú den chuid is mó ar cheol traidisiúnta na hÉireann, agus cumaisc den seánra sin. D’eisigh sé albam le déanaí le ceol ársa na cruite á léiriú ar an ngiotár aonair. Bhain sé PhD amach in 2018 ar chóras iomasach i nodaireacht cheoil atá forbartha aige do luathfhoghlaimeoirí. 

 

‘Master Cooney restores the ancient link between lyre and lyric, between poetry and performance, the rhapsody and rascality’

  • Séamus Heaney, Gradaim Fiddler’s Green, Ros Treabhair