Ní gá go mbeadh aon taithí adhmadóireachta agat chun páirt a ghlacadh sa cheardlann. Tabharfar treoir do rannpháirtithe maidir le codanna éagsúla den uirlis a chur le chéile agus a chríochnú. Ní fearas tógála cruite amháin é seo; beidh ar na daoine a ghlacfaidh páirt sa cheardlann cuid de na codanna adhmaid a ghreanáil agus a mhúnlú chun bailchríoch mhín a bhaint amach agus chun na píosaí éagsúla a chur le chéile. Faoi shainstiúir ár dteagascóirí ar an gcúrsa, cuirfidh rannpháirtithe an fuaimchlár le chéile, déanfaidh siad poill do na pionnaí tiúnála agus na lanna leath-thoin a dhruileáil, déanfaidh siad caol, gualainn agus cuaille na huirlise a ghreamú le gliú agus a ghreanáil chun bailchríoch mhín, shnasta a fháil. Is í an chéim dheiridh a bheidh ann chun an chruit a chur i gcrích ná sreanganna a chur ar an uirlis agus í a chur i dtiúin.
Ní hé bunsmaoineamh na ceardlainne seo ná díreach do Chruit Acla 26-sreang féin a thógáil. Tabharfar léargas freisin dóibh siúd a ghlacann páirt i ndéanamh uirlisí agus gheobhaidh siad tuiscint ar an gcaidreamh idir dhearadh na huirlise agus an fhuaim a dhéanann sí. Tugann an cheardlann seo uirlis ardchaighdeáin do dhuine ar bith ar mian leo tús a chur lena n-eachtra cruitireachta! Mar a chéile, gheobhaidh daoine a bhfuil suim acu san oilteacht seo blaiseadh den cheardaíocht a bhaineann le déanamh uirlisí.