cormac and anne marie achill harp

Cormac De Barra
& Anne-Marie O’Farrell

Aoine 23 Deireadh Fómhair Ceolchoirm 8pm
Domhnach 25 Deireadh Fómhair  Ceardlann Chruite (Ardléann ) le Anne Marie O’Farrell 11am

As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tógadh Cormac de Barra i dteaghlach de cheoltóirí agus amhránaithe a raibh an Ghaeilge mar theanga labhartha acu.  Is cruitire den tríú glúin é, agus rinne sé staidéar ar an gCruit Ghaelach den chéad uair lena sheanmháthair, Róisín Ní Shé, sula ndeachaigh sé ar aghaidh chun staidéar a dhéanamh ar an gcláirseach cheolchoirme sna Stáit Aontaithe. Tá a chuid ceoil seinnte aige ar fud na cruinne mar cheoltóir aonair agus i gcomhar le healaíontóirí iomráiteacha eile na hÉireann, leithéidí Clannad, Dervish, Altan, Moya Brennan agus Brian Kennedy. Tá líon mór taifeadtaí déanta ag Cormac, lena n-áirítear dhá CD le baill mhuintir De Barra agus péire faoin teideal Voices & Harps, le glór Chlannad, Moya Brennan, amhránaí a bhfuil gradam Grammy buaite aici. Thaifid sé chomh maith ar dhá CD de dhísreach cruití leis an gcruitire agus an cumadóir, Anne-Marie O’Farrell. Tá taithí ghairmiúil ag Cormac in earnáil na teilifíse freisin, agus ba é a chuir an tsraith cheoil thraidisiúnta Flosc i láthair, agus chaith sé trí bliana mar an príomhláithreoir den tsraith ealaíon, Imeall ar TG4.

 

Agus í ar dhuine de na príomhchruitirí luamhán dá glúin, tá a cuid ceoil seinnte ag an Dr Anne-Marie O’Farrell as Baile Átha Cliath ar fud na cruinne mar cheoltóir aonair, mar thionlacaí agus i ngrúpaí. Sheinn sí leis an iliomad ceolfhoirne, Ceolfhoireann Cheolchoirme agus Ceolfhoireann Shiansach RTÉ ina measc. I measc na CDanna atá eisithe ag Anne-Marie tá Just So Bach, Harping Bach to Carolan, The Jig’s Up agus My Lagan Love; Double Strung agus Duopoly le Cormac De Barra; agus Harp to Harp leis an seinnteoir orgáin bhéil, Brendan Power. Agus í tiomanta do stór ceoil don chruit luamhán a leathnú, is eagrán criticiúil é a foilseachán is déanaí don chruit luamhán den Séú Sraith Dordveidhle de chuid Bach. Tá PhD sa chumadóireacht curtha i gcrích ag Anne-Marie le Piers Hellawell ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus bíonn sí ag léachtóireacht ag Ardscoil Cheoil agus Drámaíochta, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Chríochnaigh sí le déanaí mórán coimisiún mórscála do shaothair ina raibh an chruit mar chuid díobh, lena n-áirítear coinséartó cruite, arna choimisiúnú ag RTÉ Lyric FM do Cheolfhoireann Cheolchoirme RTÉ.