Casadh na Taoide

Casadh na Taoide

Ag tuile agus ag trá a chaitheann an fharraige an lá – casann an taoide go nádúrtha agus go seasmhach ar fud an domhain, lá i ndiaidh lae, séasúr i ndiaidh séasúir. De réir mar a chasann an taoide, mar a choinníonn an t-aigéan mór a rithim uathúil, tá an fharraige, a scéalta agus a stair nasctha leis na cladaigh. Anseo, ar chósta sceirdiúil thiar na hÉireann, de bharr na n-oileán bheith ag brath ar an bhfarraige agus ar an taoide, tá naisc láidre cothaithe idir na hoileáin sin agus na daoine a a bhfuil cónaí orthu iontu.

Ar oíche oscailte fhéile na bliana seo, Dé hAoine, an 22 Deireadh Fómhair, taispeánfar sonraí breise maidir leis an turas cultúrtha seo ar an leathanach seo.

Féach ar an scannán iomlán ar ár leathanach baile.

“Bhain seachrán dom ‘s mé ag siúl na dúiche,” a dúirt an file oileánda, Páidín Póil (c.1840-1923) as Eoghanacht, Árainn, fadó. B’amhlaidh agamsa i lár mí Iúil seo caite i gcuideachta chriú an Mac Duach agus clann Chasadh na Taoide.

Ar Lá Fhéile Mhic Dara 2021, thugamar aghaidh ar chéibh Chloch na Rón. Bhí an fharraige ina clár agus ceo draíochta inár dtimpeall an mhaidin shéimh úd. Tús síúil le hiomramh oileánda, oilithreacht mhara a thóg gach croí dár casadh di.

Más fóidín meara a bhí i ndán don saol mór sa bhliain 2020, bhí saoirse romhainne ar an teiscinn mhór an lá samhraidh seo agus ar na laethanta brothallacha a lean é. Faoi gheasa a bhí chuile dhuine a bhain lenár dturas: ag an mbád álainn seoil ag tornáil ó thuaidh; ag an dea-aimsir, an dea-thoil, agus an dea-chaint; ag dúlra agus áilleacht an chósta thiar; ag an gceol ar muir ó thús deiridh, ceol go gealach; agus ag suáilceas agus sonas na ndaoine.

Ach ba é saol saoithiúil na n-oileán is mó a chuaigh i gcion orainn go léir ar an aistear. Mar a dúirt Páidín Póil, “Is í tír na h-óige a bhí agam ann.” In éadan na ndúshlán éagsúil a éiríonn ó shéasúr go séasúr agus ó ghlúin go glúin, idir míthuiscint, neamhaird, agus stoirm, maireann na hoileáin. Maireann siad mar gur iontu is túisce a thuigfear gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Feictear iontu muinín ag cothú muintearais agus meitheal ag cothú pobail.

I ngach aon oileán, ba le mórtas agus le dóchas a fáiltíodh romhainn. Aithníodh láithreach go gceadódh an ócáid deis do chách an dúchas a chur ag damhsa ar chlár na samhlaíochta. Músclaíodh meanma na ndaoine agus bhraitheamar go mba seanchairde ó cheart iad na cairde nua. Ó theallaigh na n-oileán, chroch Casadh na Taoide leo splanc agus, ar bord an Mac Duach, d’iompair í gur las agus scairt sí solas na tuisceana mar chosán órga ó chaladh go curach, ó chuan go céibh, agus ó chroí go cléibh.

Agus sinn ag seoladh ó oileán go hoileán, ag fí ina chéile stair, scéalta, agus saíocht na n-oileán, tugadh aitheantas do chumhacht dho-chloíte na daonnachta, don gcroí, don gcinealtas, don gliondar. Is lóchrann againne iad seo go fóill, dár mbeannú ó shin. An croí, ar phlúch an aicíd agus an aduaine é seal, phreab agus phléasc ar chasadh na taoide aoibhne seo. Le fáisceadh chaon téad – ó théada tíre go téada cláirsí – scaoileadh rabharta grá, grá a rachfaidh trí gach doineann.

– Deirdre Ní Chonghaile

Mac Duach ag teacht isteach go hAcaill

Físeán: Seán Molloy & Tomás Ó Madaoin

Labhraíonn Máire Bean Uí Chaoimh faoi theacht isteach an Mac Duach agus stair na húicéirí in Achill.

Gailearaí Íomhánna

Grianghraif: Michael McLoughlin, Deirdre Ní Chonghaile, Freda Hatton, Diarmuid Gielty, Laoise Kelly