Alfi

Satharn 24 Deireadh Fómhair  Alannah Thornburg – Ceardlann Chruite (Ardléann) 11.45am
Domhnach 25 Deireadh Fómhair   Ceolchoirm 8pm

Is iad Alannah Thornburgh, Fiachra Meek agus Ryan McAuley an triúr ceoltóirí atá in Alfi, a bhfuil neart gradam buaite acu. Déanann siad ceol traidisiúnta na hÉireann a mheascadh le ceol agus amhráin Apaláiseacha chun fuaim uathúil cháiréiseach a chruthú. Tá cnuasach neamhghnách uirlisí ina gcuid ceoil le cruit, bainseó cúig-shreang agus píb uilleann. Ainmníodh Alfi mar an t-ealaíontóir is fearr atá ag teacht chun cinn (Best Emerging Artist) de chuid Ghradaim Cheol Tíre RTÉ in 2019. Ba é an tríréad seo, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, buaiteoirí Ghradaim Molloy ag an Trip to Birmingham TradFest agus Gradam Chaoimhín Uí Dhochartaigh ag Féile Idirnáisiúnta Cheoil Imbolc. I mBealtaine 2019, d’eisigh Alfi a gcéad EP Wolves in the Woods, a fuair ardmholadh ó léirmheastóirí, agus chuaigh siad ar camchuairt rathúil timpeall na hÉireann agus na RA i ndiaidh é a eisiúint. Rinneadh cur síos ar a gcuid ceoil agus fonnadóireachta mar “draíocht dhochreidte” agus “cumhachtach” ag The Bluegrass Situation agus Ruth Smith (Simply Folk) faoi seach.  Tá Alfi ag obair i láthair na huaire ar a gcéad albam a eiseofar in 2021.