Tadhg MacDhonnacháin

Is cumadóir amhrán, scríbhneoir, agus foilsitheoir é Tadhg Mac Dhonnagáin. Tá seacht gcinn de dhlúthdhioscaí eisithe aige, idir amhráin do dhaoine fásta agus ábhar do pháistí. Ina measc, tá Solas Gorm (Gael Linn, 1988), Raifteirí san Underground (Cló IarChonnacht, 1993) chomh maith le dhá albam bunamhrán do pháistí: Bliain na nAmhrán (Futa Fata, 1997) agus Ceol na Mara, (Futa Fata, 2004). Eisíodh rogha amhrán, Imíonn an tAm, i 2003. Foilsíodh leagan athchóirithe de Bliain na nAmhrán i 2016 agus bronnadh an Special Judges’ Award ag na Children’s Books Ireland Book of the Year Awards, 2017.  Tá ábhar ón traidisiún cóirithe agus taifeadta aige chomh maith; ina measc, an bailiúchán rannta do pháistí ón traidisiún béil, Gugalaí Gug, (Futa Fata, 2005), ar bronnadh diosca óir air sa bhliain 2011, an dlúthdhiosca agus leabhar do dhaoine fásta, Aniar – Voices and Verse from the Edge of the World, (Futa Fata, 2007) agus cnuasach amhrán traidisiúnta don óige, Peigín Leitir Móir (Futa Fata, 2008).

 

Tadhg Mac Dhonnagáin is a writer of songs and stories. He has seven albums to his name: original work includes Solas Gorm (Gael Linn, 1988), Raifteirí san Underground (CIC, 1993), and two song collections for children: Bliain na nAmhrán (Futa Fata, 1997) and Ceol na Mara (2004). An expanded, rerecorded CD/book version of Bliain na nAmhrán was awarded the Judges’ Special Award at the Children’s Books Ireland Book of the Year Awards, 2017, and was an honoree of the prestigious White Ravens International Collection of Outstanding Children’s Publications, selected annually by the International Youth Library, Munich, Germany.  Along with his longtime musical partner John Ryan, Tadhg has also arranged and recorded material from the Irish oral tradition: their collection of traditional Connacht children’s rhymes, Gugalaí Gug! was awarded a Gold Disc for exceptional sales in Ireland, in 2011. Other trad material includes Peigín Leitir Móir (Futa Fata, 2008) and Aniar – Voices and Verse From the Edge of the World, (Futa Fata, (2007).