Diego Laverde Rojas

 

Is é seo an chéad uair don chruitire ón gColóim, Diego Laverde Rojas, seinm in Éirinn. Seinneann sé an arpa llanera, nó an chruit ísealchríche, uirlis atá an-éagsúil ó chruit cheolfhoirne an iarthair. Seinneann sé le rithimí tapa sioncóipithe agus le tondath a chuirfeadh giotár clasaiceach téad níolóin i gcuimhne duit. Mar gheall ar mhéid na huirlise agus a déantús dochreidte mionsaothraithe, mar aon leis an teicníc rímháistreach atá aige, tá Diego in ann ilfhóine a chruthú – an fonn agus tionlacan casta á sheinm ag aon uair amháin.

Seinneann Diego mar cheoltóir aonair agus le grúpaí éagsúla. Sa ghrúpa, Ensemble Criollo, leis an gcnagcheoltóir Wilmer Sifontes, déanann siad ceol cruite traidisiúnta a chumasc le rithimí buailte Salsa Chúba agus Afra-Charaibeacha. Seineann sé freisin in Ensamble Latino, grúpa ceol tíre Veiniséala-Colóime lonnaithe i Londain agus tá sé ina bhall den bhanna The Familiar Strangers freisin leis an amhránaí Rory MacLeod. Tá go leor turas déanta acu ar fud na Ríochta Aontaithe. Sheinn sé sa Royal Albert Hall, Londain agus ag go leor féilte cruite sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip.

Diego live solo in Bolivar Hall, London, 2013

 


Cruitirí | Harpers