Brendan Ring

Brendan Ring is a harper, uilleann piper, composer and author. His first teachers were his grand-father and father, who came from Sliabh Luachra. He has recorded two critically acclaimed solo albums, one on uilleann pipes and low-whistle, and Cumha on clairseach/Gaelic harp. He is a leading composer of new music within the traditional idiom and his compositions having been recorded by artists including Sharon Shannon, Donal Lunny, Michael McGoldrick and Laoise Kelly. His tunes can be found on over 50 cds worldwide.

Michèle Vassal is originally from the Ubaye Valley in the French Alps, and moved to Ireland in her teens.  Her two collections, Sandgames, and A Taste for Hemlock, are both published by Salmon Poetry. Some of her poems have been adapted to music, most notably by legendary Skid Row guitarist Jimi Slevin and acclaimed Irish singer/songwriter, the late Martin Egan. She is also an artist and has designed CD and book covers.

Is cruitire, píobaire, cumadóir agus údar é Brendan Ring. Ba iad a sheanathair agus a athair, as Sliabh Luachra ó dhúchas, na chéad mhúinteoirí a bhí aige. Tá dhá albam aonair taifeadta aige, ceann ar an bpíb uilleann agus feadóg íseal, agus Cumha ar chláirseach/cruit Ghaelach. Is duine de phríomhchumadóirí ceol nua é laistigh den tsainstíl thraidisiúnta. Tá a chuid píosaí taifeadta ag ceoltóirí cáiliúla, leithéidí Sharon Shannon, Donal Lunny, Michael McGoldrick agus Laoise Kelly. Tá a chuid port le cloisteáil ar bhreis agus 50 dlúthdhiosca ar fud an domhain.

Is as Gleann Ubaye in Alpa na Fraince ó dhúchas do Michèle Vassal, agus bhog sí go hÉirinn nuair a bhí sí ina déagóir. Tá dhá chnuasach filíochta aici, Sandgames, agus A Taste for Hemlock, agus ba é Salmon Poetry a d’fhoilsigh iad araon. Tá cuid dá dánta cóirithe le cur le ceol, go háirithe ag an ngiotáraí cáiliúil as Skid Row, Jimi Slevin, agus ag an amhránaí/cumadóir amhrán Éireannach, Martin Egan, nach maireann. Is ealaíontóir í freisin, agus tá clúdaigh deartha aici do CDanna agus do leabhair.